13 Agus do theilgeadar mórán deamhan a mach, agus do ungadar mórán do dháoinibh tinne le hóla, agus do shlánuigheadar íad.
14 Agus do chúalaidh an rí Iorúaith so; (oír do chúaidh ainm oidheirc airsion:) agus a dubhairt sé, Gur éirigh Eóin Baisde ó mharbhuibh, agus dá bhrígh sin a táid subháilcighe ag oibriughadh ann.
15 A dubhradar dream eile, Gur bhé Eliás é. Agus a dubhradar dream eile, Gur bhfáidh é, nó mar áon do na fáidhibh.
16 Achd ar na chluinsín Diorúaith, a dubhairt sé, Is é so Eóin, do dhicheann misi: déirigh sé ó mharbhuidh.
17 Oír ag cur dháoine úadh Diorúaith, do ghabh sé Eóin, agus do cheangail sé a bpríosun é ar son Heródias, mhná phósda Philip a dhearbhráthar féin: do bhrígh gur phós sé í.
18 Oír a dubhairt Eóin ré Hiorúaith, Ní ceaduightheach dhuit bean Phósda do dhearbhráthar féin do bheith agad.
19 Achd do bhí Heródias ar a thíochsean, agus bá mían lé a mharbhadh; achd níor bhéidir lé.