15 A dubhradar dream eile, Gur bhé Eliás é. Agus a dubhradar dream eile, Gur bhfáidh é, nó mar áon do na fáidhibh.
16 Achd ar na chluinsín Diorúaith, a dubhairt sé, Is é so Eóin, do dhicheann misi: déirigh sé ó mharbhuidh.
17 Oír ag cur dháoine úadh Diorúaith, do ghabh sé Eóin, agus do cheangail sé a bpríosun é ar son Heródias, mhná phósda Philip a dhearbhráthar féin: do bhrígh gur phós sé í.
18 Oír a dubhairt Eóin ré Hiorúaith, Ní ceaduightheach dhuit bean Phósda do dhearbhráthar féin do bheith agad.
19 Achd do bhí Heródias ar a thíochsean, agus bá mían lé a mharbhadh; achd níor bhéidir lé.
20 Oír do bhí eagla Eóin ar Iorúaith, ar mbéith a fheasa aige gur dhuine comhthrom náomhtha é, agus do choimhéd sé é; agus ar néisdeachd ris, do níodh sé mórán, agus do éisdeadh sé ris go toileamhail.
21 Agus an tan do bhí lá iomchubhaidh ann, an a ndearna Iorúaith suipér dá úaislibh, agus dá cháiptínibh, agus dúachdaránuibh na Galilé, comhainm a láoi fá rugadh é;