2 Agus an tan tháinic an tsabbóid, do thionnsgain sé teagasg do dhéanamh ann sa tsínagóig: agus do ghabh iongnadh mórán dá gcúalaidh é, ag rádh, Créd as a dtigid na neitheisi chum an fhirsi? agus créd í a neagna so tugadh dhó, ionnas go ndéuntar a leitheide so do shubhailcighibh tré na lámhuibh?
3 An né nach é so an sáor úd, mac Mhuire, agus dearbhráthair Shéumais agus Iosés, agus Iúdais agus Shímóin? agus an né nach bhfuilid a dheirbhsheathracha ann so eadruinne? Agus fúaradar oilbhéim ann.
4 Achd a dubhairt Iósa ríu, Ní bhfuil fáidh gan mheas, achd an a thir féín, agus eidir a dháonibh gáoil, agus an a thigh féin.
5 Agus níor bhéidir leis súbhailcighe ar bith do dheunamh ann sa náit sin, achd ag cur a lámh ar bheagán do dáoinibh éugcrúaidhe, do shlánaigh sé íad.
6 Agus do bhí iongnadh aige an a neamhchreideamh súd. Agus do thimchealluidh sé na bailte fá gcúairt, ag teagusg.
7 Ann sin do ghoir sé an dá fhear dhéug, agus do thionnsgain sé a gcur na ndís agus na ndis; agus tug sé cumhachda dhóibh ar na spioraduibh neamhghlana.
8 Agus do áithin sé dhíobh gan ní ar bith do bhreith leo chum na sligheadh, achd slat amháin, gan mhála, gan arán gan ionnmhus iona gcrios: