21 Agus an tan do bhí lá iomchubhaidh ann, an a ndearna Iorúaith suipér dá úaislibh, agus dá cháiptínibh, agus dúachdaránuibh na Galilé, comhainm a láoi fá rugadh é;
22 Chúaidh inghean Heródías a sdeach, agus do rinne sé damhsa, agus do thaitin sí ré Hiorúaith agus ris an guídeachda do bhí ar an mbórd na fhochair, agus a dubhairt an rí ris an gcailín, Iarr oramsa gidh bé ní is áill leachd, agus do bhéura mé dhuit é.
23 Agus tug sé mionna dhí, Gidh bé ní íarrfus tú oram, do bhéura mé dhuit é, go leath mo ríoghachda.
24 Achd ar nimtheachd a mach dhisi, a dubhairt sé ré na mathair, Créd iárfas mé? Agus a dubhairt sisi, Ceann Eóin Baisde.
25 Agus táinic sisi ar an mball a sdeach chum a ríogh maille ré deithbhír, agus do íarr sí, ag rádh, Is sí mo thoil thú do thabhairt chinn Eóin Baisde dhamh a nois ar mhéis.
26 Agus do bhí an rí lán do dhoilgheas; achd ar son a mhionn, agus na druinge do bhí na suidhe na fhochair, níor bháill leis isi do dhiultadh.
27 Agus ar gcur fir dicheanta a mach don rígh do láthair, do aithin sé a cheannsan do thabhairt a sdeach: agus do imthigh seisean, agus do dhícheann sé é ann sa phríosún,