34 Agus ar ndul a mach Diósa, do chonnairc sé an slúagh mór, agus do ghabh trúaighe mhór dhóibh é, óir do bhádar mar cháorcha gan áodhaire aca: agus do thiónnsgain sé mórán do mhúnadh dhóibh.
35 Agus an tan tháinic mórán don lá, do chúadar a dheisciobuil chuigesion ag rádh, A tá an tionad na fhásach, agus tháinic móran don lá:
36 Léig úait íad, ionnus go rachaidis fán dtír, agus fá na bailtibh na dtimcheall, do cheannach aráin dóibh féin: óir ní bhfuil ní aca do íosaidís.
37 Achd ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, Tabhruidhsi dhóibh ní re na ithe, agus a dubhradarsan ris, An rachmáois do cheannach lúach dhá chéud pighinn daránuibh, do chum go dtiobhramáois ní dhóibh ré na ithe?
38 Agus a dubhairt seisean ríu, Gá mhéud atá agaibh? imthighidh, agus féachuidh. Agus ar bhfagháil a fheasa sin dóibhsion, a dubhradar, Cuig aráin agus dá íasg.
39 Agus do aithin sé dhíobh cách uile do chur na suidhe na gcomhlánuibh ar an bhféur ghlas.
40 Agus do shuigheadar síos na mbuidhnibh, na géuduibh, agus na gcáogaidibh.