37 Achd ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, Tabhruidhsi dhóibh ní re na ithe, agus a dubhradarsan ris, An rachmáois do cheannach lúach dhá chéud pighinn daránuibh, do chum go dtiobhramáois ní dhóibh ré na ithe?
38 Agus a dubhairt seisean ríu, Gá mhéud atá agaibh? imthighidh, agus féachuidh. Agus ar bhfagháil a fheasa sin dóibhsion, a dubhradar, Cuig aráin agus dá íasg.
39 Agus do aithin sé dhíobh cách uile do chur na suidhe na gcomhlánuibh ar an bhféur ghlas.
40 Agus do shuigheadar síos na mbuidhnibh, na géuduibh, agus na gcáogaidibh.
41 Agus ar ngabháil na gcúig narán chuige agus an dá íasg, ar bhféachain súas ar neamh dhó, do bheannuigh sé, agus do bhris sé na haráín, agus tug sé dá dheisciobluibh íad do chum go gcuirfidís na bhfiadhnuisision íad; agus do roinn sé an dá íasg orrtha uile.
42 Agus do itheadar cách uile, agus do sathuigheadh íad.
43 Agus do thógbhadar dhá chlíabh dhéug lán do bhíadh bhrisde, agus do na híasguibh.