4 Achd a dubhairt Iósa ríu, Ní bhfuil fáidh gan mheas, achd an a thir féín, agus eidir a dháonibh gáoil, agus an a thigh féin.
5 Agus níor bhéidir leis súbhailcighe ar bith do dheunamh ann sa náit sin, achd ag cur a lámh ar bheagán do dáoinibh éugcrúaidhe, do shlánaigh sé íad.
6 Agus do bhí iongnadh aige an a neamhchreideamh súd. Agus do thimchealluidh sé na bailte fá gcúairt, ag teagusg.
7 Ann sin do ghoir sé an dá fhear dhéug, agus do thionnsgain sé a gcur na ndís agus na ndis; agus tug sé cumhachda dhóibh ar na spioraduibh neamhghlana.
8 Agus do áithin sé dhíobh gan ní ar bith do bhreith leo chum na sligheadh, achd slat amháin, gan mhála, gan arán gan ionnmhus iona gcrios:
9 Achd a mbróga do chur orra; agus gan dá chóta do bheith iompa.
10 Agus a dubhairt sé riu, Gidh bé áit ar bith ann a rachdáoi a sdeach a dtigh, fanuidh ann sin nó go nimdhighthí as an mball sin.