43 Agus do thógbhadar dhá chlíabh dhéug lán do bhíadh bhrisde, agus do na híasguibh.
44 Agus do bhádar an dream a dúaigh an tarán a dtimcheal chúig mhíle fear.
45 Agus do chuir sé dhfíachuibh ar a dheiscióbluibh do láthair dul a luing, agus dul roimhe don táoibh a nunn go Betsaida, nó go léigeadh sé féin an slúagh úadh.
46 Agus an tan do chuir sé úadh íad, do chúaidh sé ar shlíabh do dhéanamh urnuighthe.
47 Agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, do bhí an long a lár na fairge, agus eisean ná áonar ar tír.
48 Agus do chonnairc sé íadsan ag cur sháothair ag iomradh; (oír do bhí an gháoth na naghuidh:) agus táinic sé chuca timcheall an ceathramhadh faire don oidhche, ag siobhal ar an bhfairge, agus do mheadhuigh sé dul thárrsa.
49 Achd ar na fhaicsin dóibhsion ag siobhal ar an bhfairge, do sháoileadar gur thádhbhás é, agus do éighmheadar: