47 Agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, do bhí an long a lár na fairge, agus eisean ná áonar ar tír.
48 Agus do chonnairc sé íadsan ag cur sháothair ag iomradh; (oír do bhí an gháoth na naghuidh:) agus táinic sé chuca timcheall an ceathramhadh faire don oidhche, ag siobhal ar an bhfairge, agus do mheadhuigh sé dul thárrsa.
49 Achd ar na fhaicsin dóibhsion ag siobhal ar an bhfairge, do sháoileadar gur thádhbhás é, agus do éighmheadar:
50 (Oír do chonncadar uile é, agus do bhádar ar na mbúaidhreadh.) Agus do labhair sé ríu ar an mball, agus a dubhairt sé ríu, Bíodh meisneach maith aguibh misi a tá ann, na bíodh eagla oruibh.
51 Ann sin do chúaidh sé súas chuca ann sa luing; agus do chíunaigh an gháoth: agus is móide go mór do bhí uáthbhás agus iongantus, orrthasan sin.
52 Oír ní thugadar da naire an ní do rinneadh ris na haránuibh: óir do bhí a gcroidhe crúaidh.
53 Agus an tan do chúadar thairis, tangadar go talamh Geinesaret, agus tangadar a dtír.