50 (Oír do chonncadar uile é, agus do bhádar ar na mbúaidhreadh.) Agus do labhair sé ríu ar an mball, agus a dubhairt sé ríu, Bíodh meisneach maith aguibh misi a tá ann, na bíodh eagla oruibh.
51 Ann sin do chúaidh sé súas chuca ann sa luing; agus do chíunaigh an gháoth: agus is móide go mór do bhí uáthbhás agus iongantus, orrthasan sin.
52 Oír ní thugadar da naire an ní do rinneadh ris na haránuibh: óir do bhí a gcroidhe crúaidh.
53 Agus an tan do chúadar thairis, tangadar go talamh Geinesaret, agus tangadar a dtír.
54 Agus tar éis teachda a mach as an luing dhóibh, ar an mball do aithnigheadar eisean,
55 Agus do ritheadar luchd na tíre sin uile fá gcúairt, agus do thionnsgnadar na dáoine tinne diomchar ar leapthachuibh, dá gach áit na gcluindís eision do bheith.
56 Agus gidh bé bailte, nó caithreacha, no dúthaigh, an a ndeachuidh sé a sdeach, do chuirdís na dáoine tinne ar na sráidibh, agus do íarraidís air cumailt ré himeal a éuduigh a mháin: agus an mhéid do chumail ris fúaradar a slainte.