9 Achd a mbróga do chur orra; agus gan dá chóta do bheith iompa.
10 Agus a dubhairt sé riu, Gidh bé áit ar bith ann a rachdáoi a sdeach a dtigh, fanuidh ann sin nó go nimdhighthí as an mball sin.
11 Agus gidh bé ar bith nach géubha sibh, agus nach éisdfi ribh, ar nimtheachd dibh as sin, craithidh an lúaithreadh bhías fá bhar gcosaibh mar fhíadhnuisi na naghuidh. Go fírinneach a deirimsi ribh, Gur fá socamhluighe de Shodom nó do Ghomorra a ló an bhreitheamhnuis, ná don chathruigh sin.
12 Agus do imthigheadarsan, agus dfhúagradar aithríghe do dhéunamh.
13 Agus do theilgeadar mórán deamhan a mach, agus do ungadar mórán do dháoinibh tinne le hóla, agus do shlánuigheadar íad.
14 Agus do chúalaidh an rí Iorúaith so; (oír do chúaidh ainm oidheirc airsion:) agus a dubhairt sé, Gur éirigh Eóin Baisde ó mharbhuibh, agus dá bhrígh sin a táid subháilcighe ag oibriughadh ann.
15 A dubhradar dream eile, Gur bhé Eliás é. Agus a dubhradar dream eile, Gur bhfáidh é, nó mar áon do na fáidhibh.