35 Agus ar suidhe dhó, do ghoir sé an dá fhear dhéug chuige, agus a dubhairt sé ríu, Gidh bé neach lé nab mían bheith a dtosach, búdh é bhus déighionuigh do chách uile, agus bhus sierbhíseach dhóibh uile.
36 Agus ar mbreith ar leanabh dhó, do chuir sé ann a lár é: agus ar na ghabháil ann a uchd, a dubhairt sé ríu,
37 Gidh bé neach ghéubhus chuige áon dá leitheidibh so do leanbuibh am mainmsi, gabhuidh sé misi chuige: agus gidh bé neach ghéubhus misi chuige, ni misi ghabhus sé chuige, achd an té do chuir úadh mé.
38 Achd do fhreagair Eóin é, ag rádh, A Mhaighisdir, do chonncamair neach ag cur deamhan a mach ad ainmsi, neach leanann sinne: agus do chuireamar toirmeasg air, ar son nách leanann se sinn.
39 Agus a dubhairt Iósa, Ná toirmeasguidh é: óir ní bhfuil éinneach do dhéana míorbhuile tré mainmsi, agus fhéadus olc do rádh rium ar an mball.
40 Oír gidh bé neach nach bhfuile ar naghuidh a tá sé air ar son.
41 Oír gidh bé neach do bhéura cupán uisge ré na ól dáoibhsi am ainmsi, tré gur ab lé Críosd sibh, a deirim ribh go fírinneach, nach léigfi sé a lúaidheachd a mugha.