37 Gidh bé neach ghéubhus chuige áon dá leitheidibh so do leanbuibh am mainmsi, gabhuidh sé misi chuige: agus gidh bé neach ghéubhus misi chuige, ni misi ghabhus sé chuige, achd an té do chuir úadh mé.
38 Achd do fhreagair Eóin é, ag rádh, A Mhaighisdir, do chonncamair neach ag cur deamhan a mach ad ainmsi, neach leanann sinne: agus do chuireamar toirmeasg air, ar son nách leanann se sinn.
39 Agus a dubhairt Iósa, Ná toirmeasguidh é: óir ní bhfuil éinneach do dhéana míorbhuile tré mainmsi, agus fhéadus olc do rádh rium ar an mball.
40 Oír gidh bé neach nach bhfuile ar naghuidh a tá sé air ar son.
41 Oír gidh bé neach do bhéura cupán uisge ré na ól dáoibhsi am ainmsi, tré gur ab lé Críosd sibh, a deirim ribh go fírinneach, nach léigfi sé a lúaidheachd a mugha.
42 Agus gidh bé bhéuras adhbhar oílbhéime dáóin neach do na dáóinibh beaga so chréideas ionnamsa, do bfearr dhó go mór go gcuirthí cloch mhuilinn fá na bhrághuid, agus go dteilgthí é ann sa bhfairrge.
43 Agus más ciontach do lámh ré hoilbheim dfagháil dhuit, gearr dhíot í: is fearr dhuit dul ar leathláimh don bheathaidh, ná dhá láimh do bheith agad agus dul go hifearnn, a dtéinidh nach éidir do mhúchadh.