10 Ag íarraidh do shíor am urrnaighe, a fhagháil do thoil Dé, asdar séunmhar ar chor éigin do dhéunamh dhamh fa dheóigh ré theachd chugaibhse.
11 Oír atá ro fhonn oram sibhse dfaicsin, ar ghléus go roinnfinn ribh tiodhlacadh éigin spioradalta, chum bhur neartuighe;
12 Eadhon ionnus go bhfuighinn comhfhurtachd bhur bhfochairse tré chreideamh a cheile eadhon bhur gcreideamhsa agus mo chreideamhsa.
13 Agus, a dhearbhraithreacha, ní hail leam gan a fhios do bheith agaibh, gur chuir me romham go minic teachd chugaibh, (gidheadh do cuireadh toirmeasg oram gus a nois,) ionnus go bhfuighinn toradh éigin bhur measgsa, comhmaith ris na Cineadhachaibh eile.
14 Atáim am fhéitheamhnach do na Gréugachaibh, agus do na dáoinibh Barbártha; do dháoinibh glioca, agus neamhghlioca.
15 Ar a nadhbharsin, an mhéid is éidir leam, atáim ullamh chum an tsoisgéil do sheanmóir dháoibhse mar an gcéudna a bhfuiltí sa Róimh.
16 Oír ní bhfuil náire óram fá shoisgéal Chríosd: do bhrigh gur ab é cúmhachd Dé é chum slánaighe dá gach áon chreideas; don Iúdaighe ar tús, agus fós don Ghréugach.