1 Biodh gach uile anum úmhal do na cúmhachdaibh atá ós a chionn. Oír ní bhfuil cúmhachda ar bith achd ó Dhía: agus na cúmhachda atá ann as ó Dhía do hórduigheadh íad.
2 Ar a nadhbharsin gidh bé ar bith chuireas a naghaidh an chúmhachda, cuiridh sé a nadhaigh órdaighe Dé: agus an dream chuireas iona adhaigh gabhaid damnughadh chuca féin.
3 Oír ní bhí eagla roimh úachdaránaibh ar son dheighghniomharthadh, achd ar son dhroich ghniomharthadh. Uime sin an mían riot bheith gan eagla an chúmhachda ort; déuna maith, agus do ghéubha tú moladh uádh:
4 Oír a sé searbhfhoghantuidhe Dé é chum do mhaitheasasa. Achd dá ndéarnaidh tú olc, bíodh eagla órt; óir ní go diomháoineach iomchras sé an cloidheamh: óir a sé searbhfhoghantuidhe Dé é, na dhioghaltóir feirge ar an tí do ní olc.
5 Uime sin as éigean bheith úmhal, ní deagla feirge amháin, achd fós ar son coinnsiáis.
6 Oír is uime so íocas sibh cánachus: do bhrígh gur searbhfhoghantuigheadha do Dhía íad, ag déunamh a ndithchill sa ní chéudna.
7 Ar a nadhbharsin tabhruidh a nduálghus do na huile dháoinibh: cánachus don tí dar dúal cánachus; cusdum dom tí dar dúal cusdum; eagla ré san tí ré ar coir eagla; onóir don tí dar cóir onóir.
8 Ná bíodh fíacha ag áoin neach oraibh, achd amháin sibh féin do ghrádhughadh a cheile. (Oír an tí ghrádhaigheas a chómharsa do choimhlíon se an dligheadh.
9 Oír na naitheantasa, Na déuna adhaltrannus, Na déuna dúnmharbhadh, Na déuna goid, Na déuna fíadhnuisi bhréige, Na déuna saint; agus gach aithne eile dha bhfuil ann, atáid go haithghearr fá bhrigh an ráidh so, eadhon, Grádhaigh do chomharsa mar thú féin.
10 Ní dhéanann grádh olc don chomharsain: ar a nadhbharsin a sé an grádh coimhlionadh an dlighe.
11 Agus sin, ré meas na haimsire, gur mithidh dhúinn a nois músgladh ó chodladh: óir is goire dhúinn a nois ar slanughadh na a nuáir do chreideamar.
12 Do chuáidh a noidhche thorainn, agus do dhruid an lá rinn: uime sin teilgeam uáinn oibreacha an dorchaduis, agus cuireann umainn éideadh an tsolais.
13 Síubhlam go cubhaidh amháil sa ló; ní a gcráos ná a meisge, ná a seómradóireachd ná a macnus, ná a gceannarraic ná a dtnúth.
14 Achd cuiridh umuibh an Tighearna Iósa Críosd, agus ná bíodh cúram na colla oraíbh, a míangusuibh.