Romhánach 12 BEDELL

Caibidil XII

Ata adhra úmhal Dé, maílle re gradh charad agus námhad, fúagartha orrainn trid shompla thrócaire Chríosd.

1 Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta.

2 Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.

3 Oír a deirim, ré gach áon eadruibhse, trés an ngrás do tugadh dhamh, gan ghabháil ré a ais ní do thuigsin ós cionn a neithe is iomchubhaidh dhó do thuigsin; achd a thuigsi do bheith réir mheasarrdhachda, amhail as do roinn Día ré gach áoinneach miosúr creidimh.

4 Oír do réir mar atá iomad ball aguinn a néunchorp amháin, agus nach éunoifig amháin atá ag na huile bhallaibh sin:

5 As mar an gcéudna, atámaóidne morán, ar néanchorp a Gcríosd, agus gach áon fo leith ar mhallaibh agá chéile.

6 Uime sin ar mbeith do thiodhlaicibh éugsámhla aguinn do réir na ngrás tugadh dhúinn, más fáidhedóireachd atá aguinn, déanam faidhedóireachd do réir mhéud an chreidimh;

7 Nó más oifig atá aguinn, tugam aire don oifig: nó an té theaguisgeas, tugadh aire dha theagusg;

8 Nó an té do bheir foirceadal úadha, tugadh aire dhá fhoirceadal: an tí roinneas an déirc, roinneadh í maille ré neamhurchóid; an tí agá bhfuil ceannus ós cionn cháich, déunadh é maille ré dúthrachd; an tí do ní trócaire, déunadh í maille ré súbhachus.

9 Bíodh bhur ngrádh gan cheilg. Bíodh gráin agaibh ar a nolc; agus ceangluigh don mhaith.

10 Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;

11 Ná bíghidh leisgeamhuil a ngnothuighibh; Bíghidh ar fiuchadh ann bhur spioraid; ag déanamh seirbhísi don Tighearna;

12 Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;

13 Ag cómhroinn ris na náomhaibh iona ríachdanusaibh; ag gnáthughadh luchd áoidheachda do ghlacadh.

14 Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim dhíbhreas síbh: tabhruidh bhir mbeannachd dóibh, agus na malluidhe íad.

15 Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi.

16 Go madh háontoil dhíbh ré chéile. Ná bígidh áirdinntinneach, achd cumaidh sibh féin ris a ndreim is ísle. Nó bighidh glic ann bhur mbaramhluibh féin.

17 Na déanaidh olc a naghaidh uilc ar éainneach. Bíodh cúram na neitheann maith oraibh a bhfíadhnuise na nuile dháoine.

18 Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh

19 A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna.

20 Uime sin dá raibh ocarus ar do námhuid, tabhair bíadh dhó; dá raibh tart air, tabhair deoch dhó: óir tré so do dhéunamh dhuit carnfuidh tú gríosach ar a cheann.

21 Na beireadh an tolc buáidh ort, achd beirse buáidh ar a nolc ré maith.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16