Romhánach 7 BEDELL

Caibidil VII

Gu bhfuil duine marbh don réachd (noch fhéuchas a choire dhó, nach eidir leis a chlaói, tré chath na mbaill re na inntinne;) 25 ach beó tré chreidimh Chríosd.

1 A ne nach bhfuil a fhios aguibh, a dhearbhraithre, (óir as ris an luchd agá bhfuil fios an reachda labhruim,) go bhfuil cúmhachda ag an reachd ar dhuine ar feadh a sháoghail?

2 Oir an bhean atá pósda ré fear atá sí ceangailte dhé feadh a sháoghail do réir an reachda; gidheadh dá bhfághadh a fear bás, atá sise sáor ó reachd a nfir.

3 Uime sin ré sáoghal a fir dá raibh sí ag fear éile, goirfighthear meirdreach dhí: gidheadh dá bhfaghaidh a fear bás, atá sí sáor ón reachd; ionnus nach meirdreach í, ar son í bheith ag fear eile.

4 Ar a nadhbharsin, a bhraithreacha, atá sibhse leis marbh don reachd tré chorp Chríosd; ionnus go mbíadh sibh ag fear eile, eadhon, dhosan noch do tógbhadh súas ó mharbhaibh, chum sinne toraidh thabhairt do Dhía.

5 Oír tan do bhámair sa bhfeóil, do bhiodh míangus na bpeacadh, trés an reachd, ag oibriughadh ann ar mballaibh chum toraidh do thabhairt chum báis.

6 Achd a nois atámaid air ar sáoradh ón reachd, ar mbeith don ní lér congmhadh sinn marbh; ionnus go ndéanamaóis seirbís a nuáidheachd na spioráide, agus ní an narsaigheachd na leitre.

7 Ar a nadhbharsin créud a déuram? A né gur peacadh an reachd? nar léige Día sin. Gidheadh, ní raibh fios peacaigh agum achd trés an reachd: oír ní bhíadh éolus air mbíangus agum, muna nabradh an reachd, Na biodh míanghus ort.

8 Agus ar ngabháil chionfátha don pheacadh, trés a naithne, do oibrigh sé íonnum gach uile ghné mhíanghuis. Oir a bhféugmhuis an reachda do bhi an peacadh marbh.

9 Agus do bhí misi ar uáiribh beó a bhféugmhais an reachda: achd ar dteachd do náithne, do aithbhéodhaidh an peacadh, agus fuáir misi bás.

10 Agus a náithna úd, do hórduigheadh chum beatha, fríth dhamhsa í chum báis.

11 Oír ar ngabháil chionfátha don pheacadh, trés a naithne, do mheall sé mé, agus lé sin do mharbh sé mé.

12 Ar a nadhbharsin atá an reachd gan amharus náomhtha, agus a náithne náomhtha, agus comhthrom, agus maith.

13 Uime sin an bhfuil a ní maith ar na dhéunamh na bhás dhámhsa? nar léigidh Día sin. Achd an peacadh, ionnus go mhíadh sé follus na pheacadh, doibrigh sé bás ionnum trés a ní maith; do chum go mbíadh an peacadh na pheacadh áidhbhéileach trés a náithne.

14 Oir atá a fhios aguinn go bhfuil an reachd sbioradálta: achd atáimse collaighe, ar mo reic faói pheacadh.

15 Oir ní thuigim an ní do ním: óir ní hé an ní is mían ríom, do ním; achd a ní fúathaighim, a sé do ním.

16 Agus má sé a ní nach mían riom do ním, tigim ris an reachd gur maith é.

17 Ar a nadhbharsin ní misi feasda do ní é, achd an peacadh chomhnaigheas ionnum.

18 Oír atá a fhios agam, nach bhfuil maith ar bith na comhnuidhe íonnum, eadhon am fheóil: óir ata an toil a bhfogus damh; achd ní fhaghuim slighe ar bith chum na maitheasa do chríochnughadh.

19 Oír ní dhéanuim an mhaith is mían riom: achd an tolc nach mían riom, a sé do ním.

20 Agus má nímse a ní nach mían riom, ní misi do ní é feasda, achd an peacadh chomhnuigheas ionnum.

21 Ar a nadhbharsin do gheibhim dligheadh, an tan is mían riom maith do dhéanamh, go bhfuil an tolc do lathuir agam.

22 Oír atá fonn agam a reachd Dé do réir an duine táobh asdigh:

23 Achd do chím reachd eile ann mo bhallaibh, ag cathughadh a naghaidh reachda minntinne, agus dom thabhairt a mbruid do reachd an pheacaidh noch atá am bhallaibh.

24 Uch mo thrúaighe um dhuine truailleánta! cía sháorfus mé ó chorp an bháis so?

25 Beirim buídheachus ré Día tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Uime sin do nímse go deimhin am intinn seirbhís do reachd Dé; achd am fhéoil reachd an pheacaidh.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16