Romhánach 3 BEDELL

Caibidil III

O sharuigh na Iuduighe an reachd, 28 sé creideamh is didean dóibhsi, agus do na Cineadhachaibh.

1 Maseadh cred é an bárr atá ag an Iúduidhe? nó créd é tarbha an timcheallghearrtha?

2 Is mór é ar gach áonchor: a chéadúair, do bhrígh gur ríusan do tháobhadh bhríathra Dé.

3 Oír créd é an chúis má nár chreideadar dream áirighe dhíobh? a ndéuna a neamhchreideamhsan fírinne Dé gan eifeachd?

4 Nár léige Día sin: achd, bíodh Día fírinneach, agus gach uile dhuine bréugach; mar atá sgríobhtha, Ar chor go sáorfuidhe thú ad bhríathruibh, agus go mbeartha buáidh an tan bheireas tú breith.

5 Achd má neartuigheann ar néagcóirne cóir De, créd a déaram? An bhfuil Día éagcórach do ní dioghaltus? (mar dhuine labhruim.)

6 Nár léige Día sin: oir don táobh eile cionnas bhias Día na bhreitheamh ar a tsáoghal?

7 Oír má mhéudaighe fírinne Dé trém bhréigsi chum a ghlóiresion; créd fá a ndamantar misi fós mar pheacthach?

8 Agus créd fá nach déanámaoid uile, ionnus go dtiocfadh maithe dhíobh, (do réir mar mhaslaighthear sinne, agus mar a deirid dáoine áirighe) ar a dtig damnúghadh ó cheart, go nabramáoid?

9 Créd eile má seadh? an bhfuilmídne ag breith bháirr? Ní bhfuilmíd, ar éanchor: óir do shuigheamar roimhe so na Iúduighe agus na Gréaguigh uile, do bheith fá pheacadh;

10 Mar atá sgríobhtha, Ní bhfuil firéun ann, fós, ní bhfuil, áonnduine:

11 Ní bhfuil neach ann thuigeas, ní bhfuil neach íarrus Día.

12 Do chláonadar uile, atáid síad a néinfheachd ar na ndéunamh mítharbhach; ní bhfuil neach ann do dhéunadh maith, ní bhfuil, go héinneach.

13 As uáimh osguilte a sgórnach; do rinneadar meabhail lé na dteangthuibh, atá neimh na naithreach neimhe fa na bposuibh:

14 Agá bhfuil a mbéul lán do mhallachdaibh agus do shearbhas:

15 Atáid a gcosa lúath chum fola dhórtadh:

16 Agá bhfuil briseadh croídhe agus anshógh ann a slighthibh:

17 Agus nior aithnigheadar slighe na siothchána:

18 Ní bhfuil eagla Dé a bhfiadhnuisi a súl.

19 Agus atá a fhios aguinne gidh bé ar bith neithe a deir an dligheadh, gur ris a ndreim atá fán dligheadh labhrus sé: ionnus go dtochdfuidh gach uile bhéul, agus go mbeith an domhan uile cionntach do breitheamhnus Dé.

20 Ar a nadhbharsin ní sháorfuidhthear éinneach na fhíadhnuisision ó oibrighibh an dlighe: óir is trés an dligheadh tig aithne an pheacuigh.

21 Achd a nois a néagmhuis a dlighe atá ceart Dé ar na dhéunamh follas, ar na dhearbhadh lé fíadhnuisi an dlighe agus na bhfáidheadh;

22 Ceart Dé a deirim tré chreideamh Iósa Críosd dá gach áonduine agus ar gach áon chreideas: óir ni bhfuil eidirdhéalughadh ann:

23 Oir do pheacaigh a nuile dhuine, agus atáid a négmhuis ghlóire Dé;

24 Agus atáid ar na sáoradh a naisgidh ré na ghrásuibhsean trés an bhfúasgladh do rinneadh lé Híosa Críosd:

25 Noch do órduigh Día na cheann réightigh tré chreideamh ann a fhuil, chom a fhíréantachda dfoillsiughadh, tré mhaithmheachas na bpeacadh do chuáidh tharuinn, a bhfoighid Dé;

26 Chum a fhiréantachda féin dfoillsiughadh ann sa naimsirsi do lathair ionnus go mbíadh sé féin ceart, agus go sáorfadh sé an té atá do chreideamh Iósa.

27 Ar a nadhbharsin cáit a bhfuil an mhórdhháil? Atá sí ar na cur amach. Cía an dligheadh? an tré dhligheadh na noibreacha? Ní headh, achd tré dhligheadh an chredimh.

28 Measamuid ar a nadhbharsin gur lé creideamh sháorthar an duine a néagmhuis oibreach an dlighe.

29 An leis na Iúdaighibh amháin Día? a né nach leis na Cineadhachuibh é mar an ccéadna? Go deimhim a sé Día na Gcineadhach é leis:

30 Oír is éin Ndía sháorfas an timcheallghearradh ó chreideamh, agus an neamhthimcheallghearradh tré chreideamh.

31 Uime sin a ndéunmáoid an dligheadh neamhthabhachdach tré san gcreideamh? Nár léige Día sin: achd fós, neartuighemíd an dligheadh.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16