17 Oír as ann fhoillsighthear fíréuntachd Dé ó chreideamh go creideamh: amhail atá sgríobhtha, Do ghéubhaidh an firéun beatha tre chreideamh.
18 Oír fhoillsighthear fearg Dé ó neamh anaghaidh gach úile neamhdhíadhachd agus eagcóir na ndaóineadh, chongmhas a nfirinne a neamhfhireantachd;
19 Oír an mhéid déolus is éidir dfaghail ar Dhía atá sé go follus ionntasan; óir do rinne Día follus dhóibh é.
20 Oir a neithesion nach éidir dfaicsin, mar atá a chúmhachd síorraidhe agus a dhiadhachd, atáid síad soilléir sóthuigsigthe ó chrúthughadh an domhain treas na neithe do rinneadh; ionnus nach beith leithsgéul aca:
21 Do bhrígh, ar naithniughadh Dé dhoibh, nach rugadar buidheachus ris; achd gur líonadar do dhiomháoineas ann a smuáintighibh, agus gur dalladh a gcroidhe neamhthuigsionach.
22 Ag rádh gur dhaóine éagnuidhe íad fein, do rinneadh amadáin dhióbh,
23 Oir do iompóidheadar glóir Dé nach éidir do thruáilleadh a gcosamhlachd iomháighe dhuine shothruáillighe, agus éunlaithe, agus ainmhinnteadh cheatharchosach, agus phéisdeagh.