2 (Noch do réimhgheall sé tré ná fháidhibh sna sgriobtúraibh náomhtha,)
3 A dtimcheall a Mhic Iósa Críosd ar Dtighearna, (do gineadh do shíol Dháibhi do réir na féola;
4 Do foillsigheadh na Mhac Dé a gcúmhachdaibh, do réir spioraid na náomhthachda, tré eiséirghe ó mharbhaibh:)
5 Tré a bhfúaramairne grása agus absdaltachd, chum úmhlachda an chreidimh; a measg na nuile chineadhach, ar son anmasan:
6 (Eidir a bhfuil sibhsi leis ar bhur ngairm ré Híosa Críosd:)
7 Chugaibhsi uile an mhéid atá sa Róimh, ar bhur ngrádhughadh ó Dhía, agus bhur náomhaibh do réir gharma: Grása agus siothcháin maille ribh ó Dhía ar Nathair, agus an Dtighearna Iósa Críosd.
8 Ar tús, beirim buidheachus ré mo Dhía féin tré Iósa Críosd ar bhur sonsa uile, do bhrígh go bhfuil túarasgbháil bhúr gcreidmhe ar feadh an domhain uile.