22 Ag rádh gur dhaóine éagnuidhe íad fein, do rinneadh amadáin dhióbh,
23 Oir do iompóidheadar glóir Dé nach éidir do thruáilleadh a gcosamhlachd iomháighe dhuine shothruáillighe, agus éunlaithe, agus ainmhinnteadh cheatharchosach, agus phéisdeagh.
24 Ar a nadhbharsin tug Día iadsan mar an gcéudna chum neamhghlaine tre aínmhíanaibh a gcríodheadh féin, chum a gcorp do shalchadh eatorra féin:
25 Mar dhruing do iompóidh fírinne Dé a mbréig, agus do rinne onóir agus seirbhís don chreatúr ag treigean an Chruthaighthéora, noch atá beannaighe go síorraidhe. Amén.
26 Ar a nadhbharsa tug Día íad dainmhíanaibh gráineamhla: óir do athruigheadar a mná a ngnáthughadh nádúrtha go ngnáthughadh mínádurtha:
27 Agus mar an gcéudna na fir, ar dtréigean ghnáthaighe nadúrtha na mban dóibh, do lasadar ann a nainmíanaibh an fear a naghaidh a chéile; na fir ag déunamh gráineamhlachda ris na fearuibh, agus fúaradar ionnta féin luáidheachd a seachrain, mar budh cóir.
28 Agus amhail mar nár chuireadar suim a néolus Dé do chongmháil, as mar sin tug Día íadsan dinntinn neamhchéillidhe, ionnus go ndéunaidís neithe nar bhiomchubhaidh.