26 Ar a nadhbharsa tug Día íad dainmhíanaibh gráineamhla: óir do athruigheadar a mná a ngnáthughadh nádúrtha go ngnáthughadh mínádurtha:
27 Agus mar an gcéudna na fir, ar dtréigean ghnáthaighe nadúrtha na mban dóibh, do lasadar ann a nainmíanaibh an fear a naghaidh a chéile; na fir ag déunamh gráineamhlachda ris na fearuibh, agus fúaradar ionnta féin luáidheachd a seachrain, mar budh cóir.
28 Agus amhail mar nár chuireadar suim a néolus Dé do chongmháil, as mar sin tug Día íadsan dinntinn neamhchéillidhe, ionnus go ndéunaidís neithe nar bhiomchubhaidh.
29 Ar na líonadh do nuile éugcóir, do mhaílis, do dhrúis, do dhroichmhéin, do shaint; ar na líonadh do thnúth, do dhúnmharbhadh, dó cheannarraic, do mheabhail, do dhrochbhéusuibh; luchd siusarnuighe.
30 Luchd ithiomráidh, luchd fúathaighe Dé, luchd tarcuisne, dáoine uáibhreacha, mórdhálácha, luchd comtha uile, easúmhal daithreachaibh agus do mhaithreachaibh,
31 Eigcéillidhe, neamhchoingheallach, gan ghrádh nadúrtha, doríartha, neamhthrócaireach:
32 Noch, ar naithne dhlighe Dé dhóibh, (eadhon go dtuíllid luchd na ngníomhsa do dhéunamh bás,) achd mar an gcéudna cáomhnuid síad luchd a ndéunta.