4 Do foillsigheadh na Mhac Dé a gcúmhachdaibh, do réir spioraid na náomhthachda, tré eiséirghe ó mharbhaibh:)
5 Tré a bhfúaramairne grása agus absdaltachd, chum úmhlachda an chreidimh; a measg na nuile chineadhach, ar son anmasan:
6 (Eidir a bhfuil sibhsi leis ar bhur ngairm ré Híosa Críosd:)
7 Chugaibhsi uile an mhéid atá sa Róimh, ar bhur ngrádhughadh ó Dhía, agus bhur náomhaibh do réir gharma: Grása agus siothcháin maille ribh ó Dhía ar Nathair, agus an Dtighearna Iósa Críosd.
8 Ar tús, beirim buidheachus ré mo Dhía féin tré Iósa Críosd ar bhur sonsa uile, do bhrígh go bhfuil túarasgbháil bhúr gcreidmhe ar feadh an domhain uile.
9 Oír atá Día dfíadhnuise agum, dhá ndéanaim seirbhís am spioraid a soisgéul a Mhic, go mbím gan sgur ag teachd thoraibh;
10 Ag íarraidh do shíor am urrnaighe, a fhagháil do thoil Dé, asdar séunmhar ar chor éigin do dhéunamh dhamh fa dheóigh ré theachd chugaibhse.