14 Achd cionnas ghuidhfid síad an té ann nar chreideadar? agus cionnas chreidfid síad ann sa té nach ccúaladar teachd thairis? Agus cionnas chluinfid síad gan seanmóntuigh?
15 Agus cionus do dhéanuid siad seanmóir, muna chuirtear chuige íad? Mar atá sgríobhtha, O créd é bréaghachd chos na muinntire shoisgéulas an tsiothchain, shoisgéulas neithe maithe!
16 Achd níor úmhluigheadar uile don tsoisgéul. Oir a deir Esaías, A Thighearna, cía chreid dar seanmóirne?
17 Uime sin is tré éisdeachd thig an creideamh, agus an téisdeachd tré bhréithir Dé.
18 Achd a deirimse, A né nach ccúaladar? Do chuáidh a bhfuáim go deimhin fá gach uile thalamh, agus a mbríathra go leithimeal an domhain.
19 Achd a deirim, A né nách raibh a fhios ag Israél? A deir Máoisi ar tús, Cuirfidh mé tnúth oruibh lé cineadh nach bhfuil na chineadh, le cineadh míothuigseach cuirfidh mé fearg oruibh.
20 Agus atá Esaías dána, agus a deir sé Fríth mé leis a ndréim nach ar íarr mé; Do rinneadh follus mé don dreim nár íarr mo thúarasgbháil.