2 Oír do ním dfiadhnuisi dhóibh go bhfuil teas ghrádha Dé aca, achd ní do réir éoluis.
3 Oir ar mbeith ainbhfeasach dhóibh a bhfiréantachd Dé, agus ag íarruidh a bhfireantachd féin do sheasadh, níor ísligheadar íad féin dfiréantachd Dé.
4 Oír a sé Críosd foircheann an reachda chum fíreantachda dá gach áon a chreideas.
5 Oír sgríobhuidh Máoise ar an bhfíreantachd thig ón reachd, Gidh bé duine dhéanus íad mairfidh sé tríotha.
6 Achd an fhíréantachd thig ó chreideamh is mar so a deir sí, Na habhair ann do chróidhe féin, Cía rachas súas ar neamh? is ionann sin, agus Críosd do thabhairt a núas:
7 Nó, Cía rachas síos don dubhaigén? is ionann sin, agus Críosd do thabhairt a rís ó mharbhuibh.
8 Achd créd a deir sí? Atá an bhríathar a ngar dhuit, ann do bhéul, agus an do chroidhe: a sí so, bríathar an chreidimh, do nimíd do sheanmóir;