4 Oír a sé Críosd foircheann an reachda chum fíreantachda dá gach áon a chreideas.
5 Oír sgríobhuidh Máoise ar an bhfíreantachd thig ón reachd, Gidh bé duine dhéanus íad mairfidh sé tríotha.
6 Achd an fhíréantachd thig ó chreideamh is mar so a deir sí, Na habhair ann do chróidhe féin, Cía rachas súas ar neamh? is ionann sin, agus Críosd do thabhairt a núas:
7 Nó, Cía rachas síos don dubhaigén? is ionann sin, agus Críosd do thabhairt a rís ó mharbhuibh.
8 Achd créd a deir sí? Atá an bhríathar a ngar dhuit, ann do bhéul, agus an do chroidhe: a sí so, bríathar an chreidimh, do nimíd do sheanmóir;
9 Eadhon dá nadmha tú ód bhéol an Tighearna Iósa, agus dá gcreide tú ad chróidhe gur thóg Día é ó mharbhuibh, sláinéochthar thú.
10 Oír is ris an gcróidhe chreidthear chum fíréantachda; agus leis an mbéul do níthear admháil chum slánaighe.