8 Achd créd a deir sí? Atá an bhríathar a ngar dhuit, ann do bhéul, agus an do chroidhe: a sí so, bríathar an chreidimh, do nimíd do sheanmóir;
9 Eadhon dá nadmha tú ód bhéol an Tighearna Iósa, agus dá gcreide tú ad chróidhe gur thóg Día é ó mharbhuibh, sláinéochthar thú.
10 Oír is ris an gcróidhe chreidthear chum fíréantachda; agus leis an mbéul do níthear admháil chum slánaighe.
11 Oír a deir an sgríoptúr, Gidh bé chreideas annsan ní bhfuighe sé náire.
12 Oír ní bhfuil dithfir ar bith eidir an Iúduidhe agus an Gréugach ann: óir is éin Tighearna dhóibh uile atá saidhbhir dá gach uile dhuine ghuidheas é.
13 Oír gidh bé duine ghuidhfeas ainm an Tighearna, sláinéochthar é.
14 Achd cionnas ghuidhfid síad an té ann nar chreideadar? agus cionnas chreidfid síad ann sa té nach ccúaladar teachd thairis? Agus cionnas chluinfid síad gan seanmóntuigh?