27 Agus a sé so mo chunnradh ríu, an tan thoigéubhas mé a bpeacuigh úatha.
28 Uime sin do tháobh an tsoisgéil, atáid síad na náimhdibh ar bhur sonsa: achd do tháobh na toghtha, atáid síad grádhaighe ar son na naithreach.
29 Oír atáid tiodhlaice agus gairm Dé gan aithreachus.
30 Oír do réir mar nach ttugabhairse a nallód úmhlachd do Dhía, agus fúarabhair trócaire a noís tré na neasúmhlachdsan:
31 As mar an gcéudna a nois níor chreideadarsan, da bhur dtrócairesi ionnus go bhfuighedís féin trócaire mar an gcéudna.
32 Oír do dhúin Día íad uile a neamhchreideamh, do chum trócaire do dhéunamh orrtha uile.
33 O créd e doímhne shaidhbhris éagna agus éolais Dé! Créd é deacrachd a bhreitheamhnuis do chúartughadh, agus lorg a shligheadh do leanmhuin!