29 Oír atáid tiodhlaice agus gairm Dé gan aithreachus.
30 Oír do réir mar nach ttugabhairse a nallód úmhlachd do Dhía, agus fúarabhair trócaire a noís tré na neasúmhlachdsan:
31 As mar an gcéudna a nois níor chreideadarsan, da bhur dtrócairesi ionnus go bhfuighedís féin trócaire mar an gcéudna.
32 Oír do dhúin Día íad uile a neamhchreideamh, do chum trócaire do dhéunamh orrtha uile.
33 O créd e doímhne shaidhbhris éagna agus éolais Dé! Créd é deacrachd a bhreitheamhnuis do chúartughadh, agus lorg a shligheadh do leanmhuin!
34 Oír cía agá raibh fios inntinne an Tighearna? nó cía ba comhairleach dhó?
35 Nó cía thug dhó ní ar tús, agus do ghéubhaidh sé a chúitiughadh leis?