6 An tí chongmhas an lá, as don Tighearna chongmhas sé é; agus an tí nach ccongmhann an lá, as don Tighearna nach ccongmhann sé é. An té itheas, as don Tighearna itheas sé óir beiridh sé buidheachus ré Día; agus an té nách itheann, as don Tighearna nach ithean sé, agus beiridh a bhuidhe ré Día.
7 Oír ní dhó féin mhaireas éunduine aguinn, agus ní dó féin do gheibh éunduine aguinn bás.
8 Oír más béo dhuinn, as don Tighearna atámáid beó; agus más marbh dhúinn, as don Tighearna atámáoid marbh: uime sin más beó nó marbh dhúinn, as leis an Tighearna sinn.
9 Oir is chuige so fuáir Críosd bás, agus do eiséirighe sé, agus do aithbheódhaidh se, chum bheith na Thighearna dhó ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh.
10 Ach créd fá mbeireann tusa breath ar do dhearbhráthair? nó fós créud fa dtarcuisnigheann tú do dhearbhratháir? Óir séasfum uile a bhfiadhnuise chaithreach bhreitheamhnuis Chríosd.
11 Oír atá sgríobhtha, Mairimse, a deir an Tighearna, agus sléachdfuidh gach uile ghlún damh, agus do dhéana gach uile theangaidh admháil do Dhía.
12 Ar a nadhbharsin do bhéura gach áon dínn cunntus ar a shon féin do Dhía.