9 Oir is chuige so fuáir Críosd bás, agus do eiséirighe sé, agus do aithbheódhaidh se, chum bheith na Thighearna dhó ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh.
10 Ach créd fá mbeireann tusa breath ar do dhearbhráthair? nó fós créud fa dtarcuisnigheann tú do dhearbhratháir? Óir séasfum uile a bhfiadhnuise chaithreach bhreitheamhnuis Chríosd.
11 Oír atá sgríobhtha, Mairimse, a deir an Tighearna, agus sléachdfuidh gach uile ghlún damh, agus do dhéana gach uile theangaidh admháil do Dhía.
12 Ar a nadhbharsin do bhéura gach áon dínn cunntus ar a shon féin do Dhía.
13 Uime sin ná bímid ní sa mhó ag breith bhreithe ar a chéile: achd go madh mó dhéanus sibh bréitheamhnus air so, eadhon gan adhbhar oilbhéime na tuitme do thabhairt da bhur ndearbhrathair.
14 Atá a fhios agum, agus is dearbh leam tré san Dtighearna Iósa, nach bhfuil éainni neamhghlan úadha féin: achd on tí mheasas éinni do bheith neamhghlan, atá sé dhó sin neamhghlan.
15 Gidheadh dá raibh doilgheas ar do dhearbhrathair ar son an bhídh, ní shiubhlann tú a nois do réir ghrádha. Ná cuir ammúgha réd bhiádh, an té agá bhfuáir Chríosd bás ar a shon.