14 Agus a dhearbhráithreacha, as dearbh leamsa féin bhir dtáobhsa, go bhfuilti lán do mhaith, ar mbeith dháoibh líonta do ghach uile éolas, agus go dtig dháoibh fós a chéile do theagusg.
15 Gidheadh fós, a bhráithreacha, do sgríobh mé chugaibh a gcáil maille ré ghé dhánachda, mar do bhéinn dá bhur gcur a gcuimhne, trés an mgrás tugadh dhamh ó Dhía,
16 Ionnus go mbéinn am óglach ag Iósa Críosd a measg na Gcineadhach, ag miniosdralachd soisgéil Dé, do chum go mbeith gean ar ofrail na Gcineadhach, ar mbeith dhi náomhtha trés an Spiorad Náomh.
17 Uime sin atá adhbhar gáirdeachais agam a Niósa Críosd sna neithíbh úd ata a ttáobh Dé.
18 Oír ní bhía mé daná ar éainni do labhairt nar oibridh Críosd thríom, chum úmhlachda na Gcineadhach, a mbréithir agus a ngníomh,
19 Maille ré cúmhachd chómharthadh agus mhíorbhuileadh, tré neart Spioraide Dé; ionnus gur chóimhlíon mé soisgéil Chríosd, ó Ierusalem, agus na timcheall go soithe Illiricum.
20 Agus mar sin do choimhéignidh mé mé féin chum an tsoisgéil do sheanmórughadh, ní sa nionad ionar hainmnigheadh Críosd, deagla mobair do thogbháil damh ar fhunndameint dhuine eile: