20 Agus mar sin do choimhéignidh mé mé féin chum an tsoisgéil do sheanmórughadh, ní sa nionad ionar hainmnigheadh Críosd, deagla mobair do thogbháil damh ar fhunndameint dhuine eile:
21 Achd do réir mar atá sgriobhtha, Do chifid, an dream nach bhfuáir a thuarasgbháil é: agus an drong nach ccúalaídh tuigfid síad.
22 Ar a nadhbharsin fós do cuireadh toirmeasg oram go minic fá theachd chugaibhse.
23 Achd a nois ó nach bhfuil ionad ní sá mhó agam sna críochuibhse, agus ro fhonn oram ré mórán bliadhann teachd chugaibhse.
24 An ran thríallfus mé don Sbáinn, tiocfadh mé chugaibh: óir atá súil agum ré sibhse dfaicsin ag gabhail seacha dhíbh, agus sibhse do theachd riom dom sheóladh don nionad sin, achd go raibh mé saitheach a gcáíl da bhur gcuideachdasa.
25 Achd a noise atáim ag dul go Híarusalém do dhéanamh miniosdrálachda do na náomhaibh.
26 Oir do bhádar luchd Mhacedónia agus Achaia fonnmhar ar chómhruinn do dhéanamh ris na náomhaibh bochd atá a Niarusalém.