26 Oir do bhádar luchd Mhacedónia agus Achaia fonnmhar ar chómhruinn do dhéanamh ris na náomhaibh bochd atá a Niarusalém.
27 Oir bá rothoil ríu é; agus atáid siádsan na bhféitheamhnuibh aca. Oír má roinneadh ris na Cineadhachaibh a neithe sbioradáltasan, atá dfiachaibh orrthasan mar an gcéudna miniosdrálachd do dhéanamh dhóibhsion sna neithibh bheanus ris an gcolainn.
28 Uime sin ar na chríochnughadh so dhamh, agus ar gcur shéila dhamh ar an toradhsa dhóibh, géubhaidh mé ré bhur dtáobhsa don Sbainn.
29 Agus as deimhin leam, ar dteachd dhamh chugaibhse, go dtiocfaidh mé maille ré beannachdadh líonmharshoisgéil Chriosd.
30 Agus íarruim dathchuinghe oraibh, a dhearbhraithreacha, tré ar Dtighearna Iósa Críosd, agus ar son ghrádha na Spioraide, bhur ndithcheall do dhéunamh, ma ráon riom a nurnaighibh chum Dé ar mo shon;
31 Chum mo sháortha ón druing atá easúmhal a dtír Iúdaighe; agus chum go mbíadh mo sheirbhís taitneamhach ag na náoimh a Níarusalém;
32 Ionnus go madh héidir leam teachd chugaibhse maille ré gáirdeachus do thoil Dé, agus furtachd dfagháil dhamh má ráon ribh.