18 Oír an luchd is cosmhuil ríu so, ní don Tighearna Iósa Críosd do níd síad seirbhís, achd dá mbolg féin; agus meallaid síad ré briathraibh millsi agus ré cluain croidhthe na ndáoine neamhurchóideach.
19 Oir ráinic tuarasgbháil bhur númhlachdsa na huile dháoine. Ar a nadhbharsin atá gáirdeachas orum bhur dtáobhsa: gidheadh is mían riom bheith dháoibh eagnuighe a dtáoibh na maitheasa, agus neamhurchoideach a dtaobh a nuilc.
20 Agus bruithfidh Día na síothchána Sátan fáoi bhur gcosaibh go haithghoird.Grása ar Dtighearna Iósa Críosd maille ribh. Amén.
21 Cuiridh Timotéus mo chompánach, agus Lúcius, agus Iáson, agus Sosipater, mo dháoine gáoil, beatha agus sláinte chugaibh.
22 Cuirimsi Tertius, noch do sgríobh an eipistilse, beatha agus sláinte chugaibh sa Dtighearna.
23 Cuiridh Gaius mósdóir féin, agus na heagluisi uile, beatha agus sláinte chugaibh. Cuiridh Erastus procadóir na caithreach beatha agus sláinte chugaibh, agus an dearbhrathair Quartus.
24 Grása ar Dtighearna Iósa Críosd maille ribh uile. Amén.