14 Oir na Cineadhacha ag nach bhfuil an dligheadh, do níd síad ó nádúir na neithe bheanas ris an dligheadh, íad so, ag nach bhfuil an dligheadh aca, atáid síad na ndligheadh dhóibh féin:
15 Noch fhoillsigheas obair an dlighidh sgríobhtha an a gcroidhthibh, ar mbeith dá gcogús ag déunamh fíadhnuise má ráon ríu, agus a smuáintighthe ag éiliughadh a chéile nó fós ag gabháil a leisgiél;)
16 Ann sa lá an a mbéura Día breith ar sheicréidibh na ndáoine tré Iósa Críosd do réir mo shoisgéilsi.
17 Féuch, goirthear Iúduidhe dhíotsa, agus muinighidh tú as a ndligheadh, agus do ní tú mordháil as Día.
18 Agus atá fios a thoile agad, agus dearbhuidh tú na neithe as féarr, ar mbéith foghlomtha dhuit ón dligheadh;
19 Agus atáoi dóthchasach go bhfuil tú ad éoluighe ag na dalluibh, ad sholas ag an muinntir atá a ndorchadas,
20 A tfior múinte na ndáoine neamheagnuidhe, ad theagasgóir na leanbabh, ar son go bhfuil foirm a néoluis agus na fírinne agad sa dligheadh.