24 Oír masluighthear ainm Dé thríbhsi eidir na Cineádhachuibh, mar atá sgríobhtha.
25 Oír is tarbhach an timcheallghearradh go deimhin má coimhéudann tu an dligheadh: achd más fear bhrisde an dlighidh thú, atá do thimcheallghearradh gan bheith na thimcheallghearradh.
26 Ar a nadhbharsin má choimhéudann an neamhthimcheallghearradh ordaighe an dlighe, a né nách measfuighthear a neamhthimcheallghearradh do bheith na thimcheallghearradh.
27 Agus a né nach daiméona an neamhthimcheallghearradh átá ó nadúir, má choimhéudann sé an dlígheadh, thusa, atá ad fhior sáruighe an dlighe trés an litir agus trés an dtímcheallghearradh?
28 Oír ní hé an tí atá go follas, is Iúduighe ann; ná fós an dtimcheallghearradh atá go follas sa bhfeóil, is timcheallghearradh:
29 Achd an té atá ós íseal, na Iúduidhe; agus timcheallghearradh an chroídhe, ann sa spioruid, agus ní sa litir; aga bhfuil a mholadh ní ó dhaóinibh, achd ó Dhía.