9 Trioblóid agus doghruing, air anam gach áonduine do ní olc, an lúdaidhe ar tús, agus an Ghréugaigh mar an gcéudna;
10 Achd glóir, agus onóir, agus siothcháin, do gach áon do ní maith, don Iúduighe ar tús, agus don Ghréugach mar an gcéudna:
11 Oír ní bhfuil cion ag Día ar phearsain seach a chéile.
12 Oír an mhéid do pheacuigh gan an dligheadh rachuid a múgha gan an dligheadh: agus an mhéid do pheacuigh sa dligheadh daiméontar íad leis a ndligheadh;
13 (Oír ní híad luchd éisdeachda an dlighidh atá na bhfirénchuibh a bhfiadhnuisi Dé, achd luchd choimhlíonta an dlighigh a síad shairfuidhear.
14 Oir na Cineadhacha ag nach bhfuil an dligheadh, do níd síad ó nádúir na neithe bheanas ris an dligheadh, íad so, ag nach bhfuil an dligheadh aca, atáid síad na ndligheadh dhóibh féin:
15 Noch fhoillsigheas obair an dlighidh sgríobhtha an a gcroidhthibh, ar mbeith dá gcogús ag déunamh fíadhnuise má ráon ríu, agus a smuáintighthe ag éiliughadh a chéile nó fós ag gabháil a leisgiél;)