2 Oír más ó oibreacha do sáoradh Abraham, atá adhbhar máoidhfeachuis aige; achd ní a dtáobh De.
3 Oír créd a deir an sgriobtur? Do chreid Abraham do Dhía, agus domeasadh sin dó már fhíréantachd.
4 Achd don té do ní obuir ní do réir ghrás mheasdar túarasdal dó, achd dó réir fhíach.
5 Achd don té nach déineann obair achd chreideas ann sa ti sháorus an duine neamhdhíadha, measdar a chreideamh mar fhíréantachd.
6 Amhail a deir Dáibhí mar an gcéudna, Gur beannuighe an duine dá measánn Día fíréantachd gan oibreacha.
7 Ag rádh is beannuighe an dream agá bhfuil a ndroichghníomhartha ar na maitheamh dhóibh, agus agá bhfuilid a bpeacuigh ar na bhfolach.
8 Is beannuighe an té ag nach ccuírfí an Tighearna peacadh na leith.