4 Achd don té do ní obuir ní do réir ghrás mheasdar túarasdal dó, achd dó réir fhíach.
5 Achd don té nach déineann obair achd chreideas ann sa ti sháorus an duine neamhdhíadha, measdar a chreideamh mar fhíréantachd.
6 Amhail a deir Dáibhí mar an gcéudna, Gur beannuighe an duine dá measánn Día fíréantachd gan oibreacha.
7 Ag rádh is beannuighe an dream agá bhfuil a ndroichghníomhartha ar na maitheamh dhóibh, agus agá bhfuilid a bpeacuigh ar na bhfolach.
8 Is beannuighe an té ag nach ccuírfí an Tighearna peacadh na leith.
9 Ar a nadhbharsin an ann sa timcheallghearradh amháin atá an beannachdadhsa, nó fós ann sa neamhthincheallghearradh? óir a deirmíd gur measadh a chreideamh Dábraham mar fhiréantachd.
10 Maseadh cionnas do measadh dhó é? a né a núair do bhi sé sa timcheallghearradh, nó a núair nach raibh? Ní ann sa timchillghearradh, achd ann sa neamhthimchillghearradh.