1 Ar a nadhbharsin créd a déurum? An bhfanfum a gcómhnuidhe a bpeacadh, ionnus go líonfadh grás Dé?
2 Nár léige Día sin. Cionnas do fhéadfamaóisne, atá marbh don pheacadh fuireach béo fós ann?
3 A né nach bhfuil a fhios agaibh, an mhéid dhínne do baisdeadh a Níosa Críosd gur baisdeadh sinn ann a bhás san?
4 Ar a nadhbharsin atámuid adhlaice maráon risean tré bhaisdeadh chum báis: ionnus do réir mar do tógbhadh súas Críosd ó mharbhaibh chum glóire a Náthar, gur mar sin mar an gcéudna do dhéunmais siubhal a núaidheachd beatha.
5 Oír dá raibh sinn air ar bplanndughadh maráon rision a gcosmhuilachd a bháis: bíam mar an gcéadna a gcosmhuilachd a eiséirighe:
6 Ar mbeith fhios so aguinn, go bhfuil ar seanduine ar ná chéusadh maráon rision, do chum go sgriosfuidhe corp an pheacaidh, ionnus nách déanamaóis seirbhis ó so súas don pheacadh.
7 Oír an tí fuáir bás, is sáor é ó pheacadh.