10 Oir ar bhfagháil bháis dó, is don pheacadh fuáir sé bás éunuáir amháin: achd ar mbeith béo dhó, is do Dhía atá sé béo.
11 Agus mar an gcéudna is measda dháoibhsi go bhfuilti go deibhin marbh don pheacadh, agus béo do Dhía tré Iósa Críosd ar Dtighearna.
12 Ar a nadhbharsin na biodh rioghachd ag an bpeacadh ion bhur gcorp sómharbhtha, ionnus go dtiubhradh sibh úmhlachd dó ann ainmhianaibh.
13 Agus na tugaidh bhur mbaill na nármuibh éugcóra don pheacadh: achd tugaidh sibh féin do Dhía, mar dhruing atá béo ó mharbhuibh, agus bhur mbaill na nármuibh firéantachda do Dhía.
14 Oír ní bhiáidh tighearnus ag an bpeacadh oraibh: do bhrígh nách fáoi an dligheadh atá sibh, achd faói ghrásuibh.
15 Créd eile maseadh? a ndéanam peacadh, ar a nadhbhar nách bhfuilmíd faói an dligheadh, achd faói ghrásuibh? nar léige Día sin.
16 An é nach bhfuil a fhios aguibh, gidh bé dhá dtabharthaói sibh féin mar sheirbhíseachuibh chum úmhlachda, gur seirbhísigh sibh don tí sá númhlaighthí; mas do pheacadh chum báis, no dúmhlachd chum firéantachda?