20 Oír an tan do bhí sibh bhur seirbhíseachuibh ag an bpeacadh, do bhí sibh sáor ó fhíréuntachd.
21 Ar a nadhbharsin créd é an toradh fúarabhair a nuáirsin ann sna neithibh fá a bhfuil náire a nois oraibh? oír as é as críoch dhóibh bás.
22 Achd a nois ar mbeith dháoibh ar bhur sáoradh ó pheacadh, agus ar bhur ndéunamh bhur seirbhiseachuibh dó Dhía, atá toradh aguibh chum náomhthachda, agus an chríoch dheigheanach an bheatha mharrthanach.
23 Oír asé as tuarasdal don pheacadh bás; achd asé tabhartus De an bheatha mhárrthanach tré Iosa Críosd ar Dtighearna.