5 Oír dá raibh sinn air ar bplanndughadh maráon rision a gcosmhuilachd a bháis: bíam mar an gcéadna a gcosmhuilachd a eiséirighe:
6 Ar mbeith fhios so aguinn, go bhfuil ar seanduine ar ná chéusadh maráon rision, do chum go sgriosfuidhe corp an pheacaidh, ionnus nách déanamaóis seirbhis ó so súas don pheacadh.
7 Oír an tí fuáir bás, is sáor é ó pheacadh.
8 Agus má fúaramar bás mar áon ré Críosd, creidmid go mairfeam mar an gcéudna maráon ris:
9 Ar mbeith a fhios aguinn ar néirghe do Chríosd ó mharbhaibh nach bhfuighe sé bás ní sa mhó; ní bhfuil tighearnus feasda ag an mbás air.
10 Oir ar bhfagháil bháis dó, is don pheacadh fuáir sé bás éunuáir amháin: achd ar mbeith béo dhó, is do Dhía atá sé béo.
11 Agus mar an gcéudna is measda dháoibhsi go bhfuilti go deibhin marbh don pheacadh, agus béo do Dhía tré Iósa Críosd ar Dtighearna.