1 A deirim a nfirinne a Gcríosd, ní dhéunuim brég, ar mbeith dom chogús ag déunamh fíadhnuise dhamh tres an Spiorad Náomh,
2 Go bhfuil tuirsi mhór óram agus doilgheas a gcómhnuidhe ar mo chroídhe.
3 Oír do ordeóchuinn mé féin do bheith dealuighthe ó Chríosd ar son mo dhearbhraithreach, mo dháoine gáoil do réir na feóla.
4 Noch atá na Nisrahéluibh; ag ar leó athargadh na cloinne, agus an ghlóir, agus an tiomna, agus órdughadh an reachda, agus seirbhís Dé, agus na geallamhnacha;
5 Ag ar díobh na haithre, agus ó a bhfuil Críosd do réir na feóla, atá na Dhía ós cionn na nuile, beannaighe go síorruidhe. Amén.
6 Gidheadh né héidir bríathar Dé a bheith gan éifeachd. Oir ní hé gach éunduine thig ó Israél, atá na Israélach.
7 Agus ní ar son, go bhfuilid síad na síol ag Abraham, atáid síad uile na gcloinn: achd, A Nisaac ainmneochthar dhuit síol.