11 Oír suil-rugadh na leinibh, agus suil do rinneadar maith ná olc, ar chor go mbíadh órdughadh Dé do réir na togha seasmhach, ní ó oibreachuibh, achd ón té ghoireas;
12 A dubhradh ría, Go ndéanadh an té is seine seirbhís don té ís óige.
13 Mar atá sgríobhtha, Do ghrádhuigh mé Iácob, agus do fhúathuigh mé Esau.
14 Uime sin créd a déaram? An bhfuil éagcóir ag Día? Bíodh a bhfad uáinn sin do rádh.
15 Oír a deir sé ré Máoise, Do dhéana mé trócaire ar an té ar a ndéuna mé trócaire, agus do dhéuna mé truaidhe don té dhá ndéunuidh mé truáídhe.
16 Ar an nadhbharsin ní ón té lér ab áill, nó on té riothas, atá an tógha achd ó Dhía do ní trócaire.
17 Oír a deir an sgrioptúr ré Pharáo, Is chuige so féin do thóig mé súas thú, ar chor go bhfoillseóchuinn mo chúmhachda ionnad, agus go ninneóstáoi mainm ar feadh na talmhan uile.