9 Oír a sí so bríathar na geallamhna, Tiocfuidh mé fá namsa a rís, agus biáidh mac ag Sára.
10 Agus ní hé amháin; achd Rebecca mar an gcéudna a nuáir do thoircheadh í ó neach áirighe, eadhon Isáac ar nathairhe;
11 Oír suil-rugadh na leinibh, agus suil do rinneadar maith ná olc, ar chor go mbíadh órdughadh Dé do réir na togha seasmhach, ní ó oibreachuibh, achd ón té ghoireas;
12 A dubhradh ría, Go ndéanadh an té is seine seirbhís don té ís óige.
13 Mar atá sgríobhtha, Do ghrádhuigh mé Iácob, agus do fhúathuigh mé Esau.
14 Uime sin créd a déaram? An bhfuil éagcóir ag Día? Bíodh a bhfad uáinn sin do rádh.
15 Oír a deir sé ré Máoise, Do dhéana mé trócaire ar an té ar a ndéuna mé trócaire, agus do dhéuna mé truaidhe don té dhá ndéunuidh mé truáídhe.