36 D'fhreagair Banáiá mac Iahóideá an rí: “Amen,” ar sé, “agus go gcuire an Tiarna chomh maith [Amen le focail] mo thiarna an rí.
37 Go raibh an Tiarna le Solamh faoi mar a bhí sé le mo thiarna an rí, agus go méadaí sé a ríchathaoir níos mó fiú ná mar a bhí ríchathaoir mo thiarna Dáiví rí!”
38 Ansin ghabh Zádóc an sagart, Nátán fáidh, Banáiá mac Iahóideá, na Ceiréitigh agus na Peiléitigh síos; chuir siad Solamh ar muin mhiúil Dháiví rí agus thugadar leo é go Gíohón.
39 Thóg Zádóc an adharc ola ón bpuball agus d'ungaigh sé Solamh. Shéid siad an stoc agus chuir an pobal go léir gáir suas: “Fad saoil do Sholamh rí!”
40 Lean na daoine go léir suas é le ceol píob agus liúireach agus gártha a chuir an talamh ar crith.
41 Chuala Adoiníá agus na haíonna a bhí in éineacht leis an gheoin agus iad ag deireadh a mbéile. Nuair a chuala Ióáb glór an stoic dúirt sé: “Cén gheoin chorraíola í seo sa chathair?
42 Fad a bhí sé ag caint tháinig Iónátán mac Aibíátár an sagart ar an láthair. “Tar isteach,” arsa Adoiníá, “is duine ionraic thú agus tá dea-scéala leat, ní foláir.”