1 Ríthe 20 ABN

An tSamáir faoi Léigear

1 Chruinnigh Bein Hadad rí Arám a shluaite go léir le chéile - bhí dhá rí dhéag ar fhichid fairis, agus eachra agus carbaid - agus ghabh sé suas le léigear a chur ar an tSamáir agus í a ghabháil de ruathar.

2 Chuir sé teachtairí isteach sa chathair go dtí Acháb rí Iosrael, á rá leis: “Mar seo a deir Bein Hadad:

3 ‘Is liomsa do chuid airgid agus óir; is liomsa togha do mhná agus do leanaí.’ ”

4 D'fhreagair rí Iosrael: “De réir mar a deir tú, a thiarna mo rí, is leatsa mise agus a bhfuil agam.”

5 D'fhill na teachtairí agus dúradar: “Mar seo a deir Bein Hadad: ‘Seo é an t‑ordú a chuir mé chugat: “Tabhair dom do chuid airgid agus óir, do mhná agus do leanaí.”

6 Bí cinnte de go gcuirfidh mé mo ghiollaí chun do theach agus tithe do shearbhóntaí a chuardach an t‑am seo amárach agus go bhfaighidh siad greim ar gach a dtaitneoidh [leo] agus go dtabharfaidh siad leo iad.’ ”

7 Chuir rí Iosrael tionól ar sheanóirí uile na tíre agus dúirt: “Is léir daoibh anois mar atá an fear seo ag adhaint trioblóide; chuir sé fios ar mo mhná agus ar mo leanaí, ar mo chuid airgid agus óir, agus níor dhiúltaigh mé dó.”

8 Agus dúirt na seanóirí agus an pobal ar fad leis: “Ná tabhair aon aird air agus ná déan rud air.”

9 D'fhreagair sé teachtairí Bein Hadad mar leanas dá bhrí sin: “Abraigí le mo thiarna an rí: ‘Gach ar iarr sibh ar do shearbhónta ar dtús, déanfaidh mé; ach é seo eile, ní féidir dom a dhéanamh.’ ” Agus d'imigh na teachtairí ar ais leis an bhfreagra.

10 Ansin chuir Bein Hadad an teachtaireacht seo chuige: “Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd liom má bhíonn a dhóthain luaithrigh sa tSamáir le go bhfaigheadh gach duine de mo lucht leanúna lán doirn de.”

11 Ach sé freagra a thug rí Iosrael air: “Sé deir [an seanfhocal]: ‘Ní don té a chuireann a éide chatha uime is dual maíomh, ach don té a bhaineann de í.’ ”

12 Nuair a chuala Bein Hadad an teachtaireacht sin agus é ag ól leis na ríthe faoi na scáthláin, dúirt sé lena chuid fear: “Chun bhur láithreacha libh!” agus chuadar chun a láithreacha in aghaidh na cathrach.

13 Tháinig fáidh ansin ar an bhfód ar lorg Acháb rí Iosrael. “Mar seo a deir an Tiarna,” ar sé: “ ‘An bhfaca tú an t‑arm mór seo? Féach, cuirfidh mé faoi do láimh é inniu féin, agus beidh a fhios agat gur mise an Tiarna.’ ”

14 “Cén cuidiú a bheidh agam?” a d'fhiafraigh Acháb. D'fhreagair an fáidh: “Cuidiú óglaigh uachtaráin na gcúigí, a deir an Tiarna.” “Cé atá le tús a chur leis an gcath?” a d'fhiafraigh Acháb. D'fhreagair sé: “Tusa féin.”

15 Ansin thionóil sé óglaigh uachtaráin na gcúigí - bhí dhá chéad tríocha a dó díobh ann. Ina ndiaidhsean thionóil sé muintir Iosrael go léir, seacht míle díobh.

16 Ansin um mheán lae rinne siad ruathar amach agus Bein Hadad ag cur meisce óil air féin faoi na scáthláin, é féin agus an dá rí déag ar fhichid a bhí ag cabhrú leis.

17 Ghabh óglaigh uachtaráin na gcúigí amach ar dtús. Chuir Bein Hadad [lucht braite] amach agus thugadar scéala dó: “Tá fir tagtha amach ón tSamáir.”

18 Dúirt sé: “Más ar thóir síochána a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad; nó más chun cogaidh a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad chomh maith.”

19 Rinneadar ruathar ón gcathair amach dá bhrí sin, óglaigh uachtaráin na gcúigí agus an t‑arm ina ndiaidh,

20 agus threascair gach fear a chéile comhraic. Theith Arám agus lean Iosrael iad. D'éalaigh Bein Hadad ar each le marcshlua.

21 Ansin ghabh rí Iosrael amach agus ghabh idir eachra agus charbaid agus rinne ár is eirleach ar Arám.

22 Ansin chuaigh an fáidh suas go rí Iosrael agus dúirt leis: “Tar, bíodh misneach agat, agus meáigh go maith cad tá le déanamh agat, mar tiocfaidh rí Arám aníos i do choinne arís san earrach.”

23 Dúirt searbhóntaí rí Arám leis: “Déithe sléibhte a ndéithe; sin é an fáth gur thréine iad ná sinne; cuirimis cath orthu sna hísleáin, agus is cinnte go mbuafaimid orthu.

24 Ní mór duit déanamh mar seo: na ríthe go léir a chur óna gceannasaíocht agus ceannairí a chur ina n‑áit;

25 agus cruinnigh arm mar é siúd a chaill tú lena chomhlíon d'eachra agus de charbaid. Ansin troidfimid ina gcoinne sna hísleáin agus buafaimid orthu go cinnte.” Thug sé cluas dóibh agus rinne de réir a gcomhairle.

Bua ag Afaec

26 San earrach chruinnigh Bein Hadad na hArámaigh agus ghabh suas go hAfaec chun troid in aghaidh Iosrael.

27 Bhí clann Iosrael chomh maith cruinnithe agus lón acu agus ghabhadar amach ina gcoinne. Shuigh clann Iosrael a gcampa os a gcomhair agus iad mar a bheadh dhá thréad bheaga gabhar ann, ach an dúiche go léir ar snámh le hArámaigh.

28 Tháinig giolla Dé i láthair agus dúirt le rí Iosrael: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘De bhrí go ndúirt Arám gur dia sléibhte é an Tiarna, agus nach dia ísleán, tabharfaidh mé an slua mór seo go léir i do láimh agus beidh a fhios [agat] gur mise an Tiarna.’ ”

29 Agus bhíodar suite i gcampa ar aghaidh a chéile ar feadh seacht lá. Ar an seachtú lá fearadh an cath agus rinne clann Iosrael ár ar na hArámaigh, céad míle troitheach san aon lá amháin.

30 Theith an chuid eile isteach i gcathair Afaec, ach thit na ballaí anuas ar an bhfiche seacht míle a bhí fágtha.Theith Bein Hadad freisin agus fuair dídean i seomra cúil sa chathair.

31 “Féach!” arsa a shearbhóntaí leis, “chualamar gur ríthe trócaireacha iad ríthe theaghlach Iosrael. Cuirimis sacéadach faoinar gcoim agus téada ar ár gceann agus téimis amach go rí Iosrael; b'fhéidir go ndéanfadh sé anacal anama ort.”

32 Chuireadar sacéadach faoina gcoim dá bhrí sin, agus téada ar a gceann agus chuadar amach go rí Iosrael agus dúradar: “Deir do shearbhónta Bein Hadad: ‘Déan anacal anama orm.’ ” “An beo dó fós más ea?” ar sé, “is é mo bhráthair é.”

33 Bhí na daoine ag tnúth le tuar agus thógadar suas go tapa uaidh é agus dúradar: “Sea, bráthair duit Bein Hadad.” Dúirt Acháb: “Imígí agus tugaigí anseo é.” Ansin tháinig Bein Hadad amach chuige agus chuir Acháb faoi deara dó teacht aníos isteach ina charbad.

34 Dúirt Bein Hadad: “Tabharfaidh mé ar ais na cathracha a thóg m'athairse ó d'athairse, agus bíodh cead agat margaí a chur suas duit féin sa Damaisc mar a rinne m'athair sa tSamáir.” Dúirt Acháb: “Scaoilfidh mé leat ar na coiníollacha sin,” agus rinne sé conradh leis agus scaoil saor é.

35 Ar ordú an Tiarna dúirt duine de bhráithreas na bhfáithe le compánach dá chuid: “Buail mé!” ach dhiúltaigh an fear é a bhualadh.

36 Dúirt sé leis ansin: “De bhrí nár ghéill tú d'ordú an Tiarna, a luaithe a fhágfaidh tú mé maróidh leon thú.” A luaithe a d'imigh sé uaidh, bhuail leon leis agus mharaigh sé é.

37 D'imigh an fáidh leis agus fuair duine eile agus dúirt leis: “Buail mé,” agus bhuail an fear é agus ghoin agus chréacht é.

38 D'imigh an fáidh ansin agus sheas ar an mbóthar ag feitheamh leis an rí, é i mbréagriocht agus cafairrín ar a shúile.

39 Nuair a bhí an rí ag gabháil thar bráid ghlaoigh sé chuige á rá: “Bhí do shearbhónta ag triall ar lár an chatha agus, féach!, d'iompaigh saighdiúir agus thug fear chugam agus dúirt: ‘Fair an fear seo. Má éalaíonn sé ar aon tslí, díolfaidh tú as le d'anam féin, nó díolfaidh tú tallann airgid.’

40 Ach fad bhí do shearbhónta gafa le cúram agus cúram eile, d'éalaigh an fear leis.” Dúirt rí Iosrael: “Sin í an bhreith ort, más ea. Tú féin a thug í.”

41 Ansin shrac an fear an cafairrín gan mhoill dá shúile agus d'aithin rí Iosrael é mar dhuine de na fáithe.

42 Dúirt sé leis an rí: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Ó lig tú saor an té a bhí faoi mo bhang, tabharfar d'anam ar a anam, do mhuintirse ar a mhuintirsean.’ ”

43 D'imigh rí Iosrael leis abhaile agus tháinig go dtí an tSamáir agus pus agus breall air.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22