1 Ríthe 4 ABN

Oifigigh Sholaimh

1 Bhí Solamh ina rí ar Iosrael go léir agus

2 b'iad seo a oifigigh: Azairiá mac Zádóc an sagart;

3 Eilíochoraf agus Aichíá, clann Shíseá, na rúnaithe; Iahóiseáfát mac Aichíliúd an t‑annálaí.

4 (Banáiá mac Iahóideá ceannasaí an airm; Zádóc agus Aibíátár, sagairt);

5 Azairiá mac Nátán ceann na bhfeidhmeannach; Zábúd mac Nátán sagart agus Cara an rí;

6 Aichíseár i gceannas an pháláis; Adoiníreám mac Abdá i gceannas an tsaothair éigeantaigh.

7 Bhí dháréag reachtaire ag Solamh, d'Iosrael go léir, agus is iad a sholáthraigh bia don rí agus dá theaghlach; chaith gach duine díobh soláthar a dhéanamh do mhí sa bhliain.

8 Seo iad a n‑ainmneacha:... mac Húr in ardáin Eafráim;

9 ...mac Dheicir i Mácaz, i Seálbaím, i mBéit Seimis, agus in Aiálón go Béit Hánán.

10 ...mac Heisid in Arubót; leis-sean a ghabh Sócó agus fearann Héifir go léir.

11 ...mac Aibíonádáb, dúiche Dhór go léir; bhí Táfat iníon Sholaimh aige mar chéile.

12 Báná mac Aichíliúd i dTánác agus i Migideo chomh fada le Iocmám, agus Béit Seán go léir laistíos de Izréil, ó Bhéit Seán go hAbael Machólá atá láimh le Zaratán.

13 ...mac Gheibir i Rámót Gileád; ba leis bailte Iáir mac Mhanaise atá i nGileád; agus ba leis dúiche Argob atá i mBáiseán, trí fichid cathair dhaingean le ballaí agus boltaí práis.

14 Aichíneádáb mac Ideo i Machanáím.

15 Aichimeáz i Naftáilí; bhí seisean pósta le Básamat iníon Sholaimh.

16 Báná mac Húiseá in Áiséar agus i mBeálót.

17 Iahóiseáfát mac Pharúach in Íosácár.

18 Simeí mac Éalá i mBiniáimin.

19 Geibir mac Uirí i dtír Ghileád, tír Shíochon rí na nAmórach agus Óg rí Bháiseán. Ina dteanntasan bhí reachtaire i dtír Iúdá.

20 Bhí Iúdá agus Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá; bhí bia agus deoch acu agus mhaireadar go sasta.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22